
Prof. Annraoi de Paor
Professor Emeritus of Electrical Engineering, University College Dublin.
Writer and translator.
Irish history, language and folklore enthusiast.
Rugadh Annraoi de Paor i bPort Láirge i 1940. Chéimnigh sé mar innealtóir leictreach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath i 1961. Tar éis dó céim Máistreachta a bhaint amach i mBerkeley, California in Eanáir 1963, chaith sé ocht mí ag obair mar innealtóir le RTÉ in Áth Luain. Fuair sé post ansin mar léachtóir in Ollscoil Salford i Sasana. Ghnóthaigh sé an chéim PhD ó Ollscoil na hÉireann i 1967 agus d’fhill sé ar a alma mater ansin mar léachtóir. I 1969 ceapadh é mar ollamh le hInnealtóireacht Rialúcháin in Ollscoil Salford. Bhronn Ollscoil na hÉireann an chéim DSc air i 1974 mar aitheantas ar a pháipéir léannta. D’fhill sé ar a alma mater ar an chéad lá de 1978 mar ollamh le hInnealtóireacht Leictreach. I 1980 toghadh é ina chomhalta de Chumann na nInnealtóirí agus i 1981 ina bhall de Acadamh Ríoga na hÉireann. I 1986 thosaigh sé féin agus a chuid scoláirí ag déanamh taighde san Innealtóireacht Athshlánúcháin i saotharlann a bhunaigh sé san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin i nDún Laoghaire. Chuaigh sé ar scor ag deireadh Lúnasa 2005 ach leanann sé leis an taighde i gcónaí. Tá sé pósta agus triúr clainne agus ceathrar garpháiste aige féin agus a bheanchéile. D’fhoilsigh Coiscéim “Buan ar Buairt” leis i 1985, “Dubček faoi cháil is faoi scáil” i 1997, “Beirt Mhairnéalach” i 2003, agus “Duanaire Daonscoile” i 2014.
Rugadh Tim Halpin i mBaile Átha Cliath i 1982. Chéimnigh sé mar innealtóir mheicniúil i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath i 2003 agus ghnóthaigh sé an PhD i 2012. Tá sé ina chónaí sa Ghearmáin lena bheanchéile agus beirt clainne—ag déanamh diamaint sintéiseacha faoi láthair.