Leis na cianta, ba mhór an caitheamh aimsire ag muintir na hÉireann
cruinniú cois teallaigh istoíche chun éisteacht le laoithe agus le scéalta próis na Fiannaíochta. Sort arm seasta a deirtear a bhí sa bhFiann, faoi na hArd Ríthe, Conn Céadchathach, Art Aonair agus Cormac Mac Airt, ach ar rinneadh iad a dhíothú ag Cath Gabhra faoi réimeas Chairbe Lifeachair. Fionn Mac Cumhaill an Taoiseach ba mhó cháil orthu, agus mac leis abea Oisín.
Lá dá raibh iarmhír na Féinne, tar éis Chatha Gabhra, ag seilg cois Locha Léin i gCiarraí, maítear gur tháinig chucu aniar ar capall draíochta (ar chomhionann leis muir agus tír) Niamh Cinn Óir, iníon Rí Thír na nÓg. Bhí sí tar éis titim i ngrá le hOisín, agus tháinig sí á lorg mar fhear chéile. Thoiligh Oisín imeacht léí, agus mhaireadar go sona i dTír na nÓg ar feadh tuairim is dhá céad bhliain. Trí céad a chuirtear i mbéal Oisín san dán “Laoi Oisín ar Thír na nÓg”, ach níl sin ag réiteach leis na dátaí in Annála Ríochta Éireann. Dar ndóigh ní tógtha air an t-iomrall, mar seanfhear ar sheachrán intinne abea é faoin am a maítear gur rinne sé na laoithe a dheachtú le Brógán, scríobhaí Phádraig Naofa. D’fhill Oisín ar cuairt chuig Éire faoi dheireadh, bhain taisme de i nGleann an Smóil gar do Bhaile Átha Cliath, thit sé den chapall draíochta, agus rinneadh seanfhear críon, caite, dall de ar a theagmháil le ithir na hÉireann. Tháinig Pádraig agus a chuallacht ar an láthair go luath, thógadar an sean laoch dearóil faoina gcúram
agus fuaireadar na laoithe uaidh sula bhfuair sé bás ina Chríostaí.
Thiteas féin faoi dhraíocht na Fiannaíochta ar an mheánscoil dom idir 1952
agus 1957. Bhí leabhar beag dearg againn, Filíocht Fiannaíochta (Comhlucht
Oideachais na hÉireann, 1954), arna chur in eagar ag An Seabhac (Pádraig Ó
Siochfhradha). Cheapas nárbh áilleacht go dtí é na dánta a bhí ann. D’alpas iad go cíochrach agus mhair mo ghrá dóibh le linn mo shaoil ó shin. Roinnt bhlianta i ndiaidh dom an scoil a fhágáil, céimniú mar innealtóir agus cromadh ar mo ghairm mar léachtóir agus ollamh le hinnealtóireacht, bhí sé de ádh orm teacht ar cnuasach toirtiúil, Laoithe na Féinne, arís faoi eagarthóireacht an tSeabhaic, a d’fhoilsigh An Cumann le Béaloideas Éireann i 1941. San leabhar sin fuaireas saibhreas de dhánta breise, maille le leaganacha níos iomláine de roinnt dánta a raibh coimriú déanta orthu san leagan scoile.
As an dá leabhar thuasluaite a bhaineas na laoithe atá anseo. Tá trí imleabhair ghleoite eile de laoithe na Féinne in mo sheilbh, a fuaireas mar bhronntanais ó mo mhac Niall thar na blianta, mar atá Duanaire Fhinn (Cumann na Scríbheann Gaedhilge, 1904, 1933, 1954). Cuireadh an cnuasach sin le chéile don Chaptaen Somhairle Mac Dónaill i Lóbháin na Beilge san seachtú haois déag. Cé gur iontach liom na leabhair sin níor bhaineas aon nídh astu an iarracht seo.
Dar ndóigh, níl a fhios againn go cinnte ar mhair Oisín riamh, cé nach raibh
Na Ceithre Máistrí, a scríobh Annála Ríochta Éireann, in aon amhras faoina
athair, Fionn—Finn Ua Baisccne mar a thugann said air, agus a bhás á ríomhadh acu faoi 283 a.d. Má mhair Oisín, ní heol dúinn arbh fhile é. Níl de eolas dearfa againn faoi údair na laoithe ach gurbh é Mícheál Ó Coimín as Chontae an Chláir a chum “Laoi Oisín ar Thír na nÓg” i lár an ochtú haois déag, agus gur mé féin a chum “Fís Fhinn i nDomhnach Broc” sa bhliain 2004.
Rinneas eagarthóireacht bhog ar an nGaeilge in áiteacha fánacha chun ársaíocht a ruaigeadh—mar shampla “úirlis ceoil” in áit “ábha ciúil” sa laoi “Ceolta na Féinne”. Ansin chumas aistriúcháin liriciúla go Béarla (ainneoin gur tréas é, dar leis na hIodáiligh!), chun iarracht a dhéanamh mo ghliondar a roinnt le daoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Thoiligh Tim Halpin, tráth bhí sé ina mhac léinn PhD san Innealtóireacht i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, an leabhar a mhaisiú dhom. Chomh maith leis sin, tá dornán de ghriangrafanna anseo de roinnt de na háiteacha a luaitear ins na dánta, nó a deirtear a raibh baint acu le hOisín.
Tá súil agam go mbainfidh na léitheoirí taithneamh as laoithe seo Oisín agus as mo iarrachtaí iad a thabhairt liom trí Bhéarla.
Annraoi de Paor